Tá babaí cliste agam! D’amharc muid ar Turas Teanga agus tá Liam ag gáire nuair chonaic é Sharon Ní Bheoláin.


Tá Liam i ngrá do Sharon Ní Bheoláin
January 13, 2010
2010
January 6, 2010Tá mé ag labhairt i nGaeilge amháin le Liam an t-am ar fad le sé mhí anuas. Ceapaim go mbeidh sé ag éirí níos deacra ach tá mé ag baint suilt as. Tá mé féin ag foghlaim fosta. Tá mé ag úsáid Rosetta Stone gach lá; tá sé daor, ach is maith liom é. Bhí sé an-simplí ar dtús ach tá sé deacair go leor anois.
Bhí cúpla lá saoire agam ar na mallaibh, Lá an Altaithe agus an Nollaig, agus thug muid cuairt leis ar ár muintir. Cad é bhur dtuairim faoi Liam a bheith ag foghlaim Gaeilge?
Trí fhreagra dhifriúla:
1. Chuir m’athair céile a thuairim in iúl. Ceapann sé go bhfuil sé iontach tábhachtach daoine cúpla teanga a fhoghlaim. Is breá leisean an Spáinnis. Tá sé sin suimiúil mar níl Spáinnis agamsa ná ag mo bhean chéile ach tá an Fhraincis againn, agus is Francach bean a mhic agus labhraíonn sí as Fraincis lenár neacht.
2. Is maith le mo sheanmháthair muid a bheith ag labhairt Gaeilge le Liam.
3. Dúirt mo nia, “How do you say ‘Good morning’ in Irish?” mar deir siad “Good morning” i dteanga nua ar scoil gach maidin.
Sílim go bhfuil ag éirí go maith linn sna chéad sé mhí. Dála an scéil, is breá le Liam a leabhar “An Chéad 100 Focal Gaeilge”:

Dia Daoibh!
November 21, 2009Caoimhín is ainm dom. Tá mé ag foghlaim Gaeilge le naoi mbliana anuas. Nuair a fuair mé amach go raibh mo bhean ag iompar, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh mo mhac a thógáil le Gaeilge. Smaoinigh mé faoi sin roimh mo bhainis agus cheannaigh mé cúpla leabhar is dlúthdhiosca:
Ag Tógail clainne le Gailge (Speaking Irish At Home) – Foras na Gaeilge
A Stór ’s A Stoirín (Songs For All Ages) – Pádraigín Ní Uallacháin & Garry Ó Briain
Níl mé liofa ar chor ar bith, ach sílim gur féidir liom é seo a dhéanamh. Nuair a bhí mé ábalta a bheith ag caint as Gaeilge roimhe seo, bhí mo chuid Gaeilge ag dul i bhfeabhas le húsáid. Anois, tá Gaeilge bhriste agam, ach b’fhéidir go bhfuil Béarla briste agam fosta.
Tá rud amháin an-deas i mo shaol: thig liom fanacht sa bhaile ar feadh 12 sheachtain le mo mhac ar FMLA. Chuaigh mo bhean ar ais ag obair tar éis 12 sheachtain fosta agus anois mo dheis-se atá ann. Labhraím i nGaeilge amháin le Liam an t-am ar fad. Tá ag éirí go maith liom agus tá súil agam go mbeidh muid ábalta a bheith ag caint le chéile i nGaeilge lá éigin amach anseo.
Tá Liam seachtain is fiche d’aois inniu, agus labhair mé leis i nGaeilge amháin. Ní raibh sé ródheacair go dtí seo. Tá mé ag smaoineamh i nGaeilge arís.
Is cuma le mo theaghlachsa faoin Ghaeilge, ach cheannaigh tuismitheoirí Sarah (mo bhean) cúpla leabhar:
An chéad 100 focal gaeilge – Gill & Macmillan
An Leithéid! – Gillian Lobel & Adrienne Geoghegan
An Daid is cliste ar fad! – Ross Collins
Cheannaigh mé féin cúpla earra fosta ó rugadh Liam:
Rabhlaí Rabhlaí (leabhar & CD)
D’éirigh liom é seo a fháil fosta (tá sé saor in aisce!!):

